Her Moves: Scéal Aoife McGoldrick

Tá spórt go hiontach do shláinte fhisiceach agus do mheabhairshláinte. I mo thuairim, ba chóir do gach duine píosa beag aclaíochta a dhéanamh go rialta. - Aoife McGoldrick

Shuíomar síos le Aoife McGoldrick, atá seacht mbliana déag d’aois, chun a smaointí ar spórt a chloisteáil, agus plé a dhéanamh ar an méid cailíní a n-éiríonn as an spórt ina pobal áitiúl. Mar bhall den fhoireann rámhaíochta tugann sí léargas dúinn ar a cuid eiseamláirí, agus is as Gaillimh iad ó dhúchas fosta!

Cuir tú féin i láthair

Is mise Aoife. Táim seacht mbliana déag d’aois agus tá mé tar éis dul isteach sa chúigiú bliain. Tá mé mar bhaill d’fhoireann rámhaíochta na scoile.

Conas/Cathain a ghlac tú páirt i do spórt ar dtús?

Thosaigh mé an spórt sa chéad bhliain. Bhí duine d’ár múinteoirí ag caint faoi sa rang agus shocraigh mé triall a bhaint as. Thaitin an spórt go mór liom.

An bhfuil aon spórt/gníomhaíochtaí eile a rinne tú roimh an spórt a dhéanann tú anois?

Bhain mé triall as go leor spóirt agus mé ag fás anuas. Ar nós sacar, peil ghaelach, gleacaíocht agus rith. Ach níor fhan mé le haon cheann chomh fada leis an rámhaíocht.

Conas a chuaigh spórt agus gníomhaíocht choirp i bhfeidhm ar do shaol?

Bhí go leor iarmhairtí dearfacha ag an rámhaíocht ar mo shaol. Tá mé níos sláintiúla agus aclaí dá bharr agus freisin is deis cairdeas iontach é agus fuair mé seans taisteal timpeall na tíre. An bhliain seo chaite chuaigh muid ar turas tar lár chuig an Spáinn ar champa traenála.

Cé a spreagann tú le bheith gníomhach?

Spreagann ná cailíní eile ar an bhfoireann mé chun a bheith níos aclaí.

Cad a dhéanann do scoil chun timpeallacht ghníomhach a spreagadh?

Cuireann an scoil go leor spóirteanna ar siúl tar éis na scoile gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh iontu. Mar shampla an fhoireann cispheil, sacar, srl.

Cén cóitseálaí is mó a bhí tionchair acu ort agus cén fáth?

Is iad Hannah agus Pete na cóitseálaithe is deise a bhí agam riamh. Tá siad an-chabhrach agus brúnn siad muid chun a bheith na rámhaithe is fearr gur féidir linn a bheith.

Ar thug tú faoi deara cailíní eile d'aois ag éirí as an spórt? Más ea, conas a mhothaíonn tú mar gheall ar sin.

Chonaic mé go leor cailíní m’aois ag fágáil an spórt, mothaím brónach faoi seo mar tá an spórt go hiontach i gcóir do shláinte fisiceach agus do mheabhairshláinte. I mo thuairim, ba chóir do gach duine píosa beag aclaíocht a dhéanamh go rialta.

Cad é do chomhairle do dhuine éigin atá ag smaoineamh faoi éirí as an spórt?

B’fhéidir triail spórt nua nó má cheapann tú go bhfuil an spórt ag tógáil suas an iomarca ama b’fhéidir téigh chuig níos lú traenáil in áit stop iomlán a cur leis.

An bhfuil aon chomhairle agat do thuismitheoirí atá ag iarraidh tacú lena n-iníon páirt a ghlacadh i spórt?

Ná cuir an iomarca brú ar d’iníon agus lig don spórt a bheith spraíúil.

An bhfuil aon chomhairle agat do dhuine atá ag smaoineamh ar faoi pháirt a ghlacadh i spórt nó i ngníomhaíocht choirp?

Téigh i gcóir é. An chomhairle a bheith agam duit ná tosú le cara ionas nach mbeidh tú i d’aonar agus ní bheidh sé scanrúil ansin.

Cé hí do rólchuspa spóirt ban?

Is í Siobhán McCrohan mo laoch spóirt. Tá sí ina ball d’fhoireann rámhaíochta na hÉireann. Tá sí tar éis bonn óir a fháil ag an gcraobh dhomhanda le gairid.

Inis dúinn fíric spraíúil fút féin

Corcra an dath is fearr liom.

Buíochas mór le hAoife as a scéal a insint do Her Moves. Má tá scéal súimiúl agat le hinsint, labhair linn. Is féidir teachtaireacht a sheoladh ar Instagram, Facebook nó ar Twitter.

No items found.